Back to search

National University of Ireland Maynooth

Dialann Phríosúin Sheáin a’ Chóta

Abstract

dc:description.abstract

Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo: eagrán dioplamáideach den dialann a choimeád Séan Óg Ó Caomhánaigh (‘Seán a’ Chóta’/‘An Cota’) ó 16 Feabhra – 13 Nollaig 1923; tráchtas ina ndéantar anailís ar ghnéithe suntasacha den lámhscríbhinn sin. An rud atá i gceist le heagrán dioplamáideach ná go bhfuil an athscríbhinn chomh dílis don bhunlámhscríbhinn agus is féidir agus go ndéantar plé ar na deacrachtaí téacsúla ar fad a bhaineann leis an téacs sa réamhrá agus sna fonótaí. Maidir leis an dara cuid den tionscadal seo, cuirtear dialann Sheáin Óig ina comhthéacs trí thuairisc a thabhairt ar shaol Sheáin Óig sa chéad chaibidil agus trí chuntas a thabhairt ar na daoine, ar na háiteanna agus ar na saothair litríochta a dtráchtar orthu sa dialann sna hinnéacsanna ag deireadh an tráchtais. Mar aon leis sin, meáitear an dialann seo ó thaobh na staire de, ó thaobh na litríochta de agus ó thaobh na teanga de. Meastar a tábhacht stairiúil sa dara caibidil trína cur i gcomparáid leis na saothair is mó atá i gcló ina bpléitear an saol sna hionaid imtheorannaithe ag an am seo. Déantar measúnú ar fhiúntas litríochta na dialainne, ansin, sa tríú caibidil trína cur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le samplaí eile den seánra is mó lena mbaineann sí, ‘Dialann an Phríosúnaigh Pholaitiúil’. Ar deireadh thiar, déantar anailís ar an dialann ó thaobh na teangeolaíochta de sa cheathrú caibidil. Chuige sin, mionscrúdaítear an rian a d’fhág na nithe seo ar theanga na dialainne: Gaeilge Chorca Dhuibhne; nósanna litrithe agus gramadaí na linne; an Béarla; téarmaí a bhfuil an chuma orthu gurbh fhéidir gurbh é Seán Óg féin a cheap iad; focail liteartha a bhí dulta i léig.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
phd
Level dc:type.qualificationlevel
doctoral
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2012

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Ó Catháin, Micheál

Subjects

dc:subject × 1

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
citation

Ó Catháin, Micheál. Dialann Phríosúin Sheáin a’ Chóta. doctoral thesis, National University of Ireland Maynooth, 2012.