{"id":{"repo_id":"maynooth","oai_identifier":"oai:mural.maynoothuniversity.ie:3731"},"canonical_url":"https://search.dev.ndltd.org/etd/maynooth/oai:mural.maynoothuniversity.ie:3731","repository":{"repo_id":"maynooth","name":"National University of Ireland - Maynooth","base_url":"http://mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2"},"display":{"title":"Dialann Phríosúin Sheáin a’ Chóta","abstract":"Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo: eagrán dioplamáideach den dialann a choimeád Séan Óg Ó Caomhánaigh (‘Seán a’ Chóta’/‘An Cota’) ó 16 Feabhra – 13 Nollaig 1923; tráchtas ina ndéantar anailís ar ghnéithe suntasacha den lámhscríbhinn sin. An rud atá i gceist le heagrán dioplamáideach ná go bhfuil an athscríbhinn chomh dílis don bhunlámhscríbhinn agus is féidir agus go ndéantar plé ar na deacrachtaí téacsúla ar fad a bhaineann leis an téacs sa réamhrá agus sna fonótaí. Maidir leis an dara cuid den tionscadal seo, cuirtear dialann Sheáin Óig ina comhthéacs trí thuairisc a thabhairt ar shaol Sheáin Óig sa chéad chaibidil agus trí chuntas a thabhairt ar na daoine, ar na háiteanna agus ar na saothair litríochta a dtráchtar orthu sa dialann sna hinnéacsanna ag deireadh an tráchtais. Mar aon leis sin, meáitear an dialann seo ó thaobh na staire de, ó thaobh na litríochta de agus ó thaobh na teanga de. Meastar a tábhacht stairiúil sa dara caibidil trína cur i gcomparáid leis na saothair is mó atá i gcló ina bpléitear an saol sna hionaid imtheorannaithe ag an am seo. Déantar measúnú ar fhiúntas litríochta na dialainne, ansin, sa tríú caibidil trína cur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le samplaí eile den seánra is mó lena mbaineann sí, ‘Dialann an Phríosúnaigh Pholaitiúil’. Ar deireadh thiar, déantar anailís ar an dialann ó thaobh na teangeolaíochta de sa cheathrú caibidil. Chuige sin, mionscrúdaítear an rian a d’fhág na nithe seo ar theanga na dialainne: Gaeilge Chorca Dhuibhne; nósanna litrithe agus gramadaí na linne; an Béarla; téarmaí a bhfuil an chuma orthu gurbh fhéidir gurbh é Seán Óg féin a cheap iad; focail liteartha a bhí dulta i léig.","abstract_html":"Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo: eagrán dioplamáideach den dialann a choimeád Séan Óg Ó Caomhánaigh (‘Seán a’ Chóta’/‘An Cota’) ó 16 Feabhra – 13 Nollaig 1923; tráchtas ina ndéantar anailís ar ghnéithe suntasacha den lámhscríbhinn sin. An rud atá i gceist le heagrán dioplamáideach ná go bhfuil an athscríbhinn chomh dílis don bhunlámhscríbhinn agus is féidir agus go ndéantar plé ar na deacrachtaí téacsúla ar fad a bhaineann leis an téacs sa réamhrá agus sna fonótaí. Maidir leis an dara cuid den tionscadal seo, cuirtear dialann Sheáin Óig ina comhthéacs trí thuairisc a thabhairt ar shaol Sheáin Óig sa chéad chaibidil agus trí chuntas a thabhairt ar na daoine, ar na háiteanna agus ar na saothair litríochta a dtráchtar orthu sa dialann sna hinnéacsanna ag deireadh an tráchtais. Mar aon leis sin, meáitear an dialann seo ó thaobh na staire de, ó thaobh na litríochta de agus ó thaobh na teanga de. Meastar a tábhacht stairiúil sa dara caibidil trína cur i gcomparáid leis na saothair is mó atá i gcló ina bpléitear an saol sna hionaid imtheorannaithe ag an am seo. Déantar measúnú ar fhiúntas litríochta na dialainne, ansin, sa tríú caibidil trína cur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le samplaí eile den seánra is mó lena mbaineann sí, ‘Dialann an Phríosúnaigh Pholaitiúil’. Ar deireadh thiar, déantar anailís ar an dialann ó thaobh na teangeolaíochta de sa cheathrú caibidil. Chuige sin, mionscrúdaítear an rian a d’fhág na nithe seo ar theanga na dialainne: Gaeilge Chorca Dhuibhne; nósanna litrithe agus gramadaí na linne; an Béarla; téarmaí a bhfuil an chuma orthu gurbh fhéidir gurbh é Seán Óg féin a cheap iad; focail liteartha a bhí dulta i léig.","abstract_has_math":false,"creators":["Ó Catháin, Micheál"],"institution":"National University of Ireland Maynooth","degree_name":"phd","degree_level":"doctoral","degree_discipline":null,"degree_department":null,"school":null,"contributors":[],"advisors":[],"committee_chairs":[],"committee_members":[],"year":2012,"date_issued":"2012-04","date_published":"2012-04","updated_at":"2026-07-24T03:02:39Z","subjects":["School of Celtic Studies"],"languages":["en"],"rights":[],"rights_urls":[],"identifier_entries":[]},"links":{"outbound_url":null,"outbound_label":null,"outbound_source":null},"metadata_groups":[{"id":"people","label":"People","entries":[{"key":"dc:creator","label":"Author","values":["Ó Catháin, Micheál"]}]},{"id":"academic_context","label":"Academic Context","entries":[{"key":"dc:date","label":"Dc Date","values":["2012-04"]},{"key":"dc:date.issued","label":"Date","values":["2012-04"]},{"key":"dc:publisher.department","label":"Dc Publisher Department","values":["Nua-Ghaeilge"]},{"key":"dc:publisher.institution","label":"Dc Publisher Institution","values":["National University of Ireland Maynooth"]},{"key":"dc:relation.isreferencedby","label":"Dc Relation Isreferencedby","values":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/3731/"]},{"key":"dc:type","label":"Dc Type","values":["Thesis"]},{"key":"dc:type.qualificationlevel","label":"Dc Type Qualificationlevel","values":["doctoral"]},{"key":"dc:type.qualificationname","label":"Dc Type Qualificationname","values":["phd"]}]},{"id":"subjects_keywords","label":"Subjects and Keywords","entries":[{"key":"dc:subject","label":"Dc Subject","values":["School of Celtic Studies"]}]},{"id":"language_rights","label":"Language and Rights","entries":[{"key":"dc:language","label":"Dc Language","values":["en"]}]},{"id":"identifiers","label":"Identifiers","entries":[{"key":"dc:identifier.uri","label":"Identifier URI","values":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/3731/1/DialannPhr%C3%ADos%C3%BAinShe%C3%A1inaCh%C3%B3ta.pdf"]}]},{"id":"additional","label":"Additional Metadata","entries":[{"key":"dc:description.abstract","label":"Abstract","values":["Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo: eagrán dioplamáideach den dialann a choimeád Séan Óg Ó Caomhánaigh (‘Seán a’ Chóta’/‘An Cota’) ó 16 Feabhra – 13 Nollaig 1923; tráchtas ina ndéantar anailís ar ghnéithe suntasacha den lámhscríbhinn sin. An rud atá i gceist le heagrán dioplamáideach ná go bhfuil an athscríbhinn chomh dílis don bhunlámhscríbhinn agus is féidir agus go ndéantar plé ar na deacrachtaí téacsúla ar fad a bhaineann leis an téacs sa réamhrá agus sna fonótaí. Maidir leis an dara cuid den tionscadal seo, cuirtear dialann Sheáin Óig ina comhthéacs trí thuairisc a thabhairt ar shaol Sheáin Óig sa chéad chaibidil agus trí chuntas a thabhairt ar na daoine, ar na háiteanna agus ar na saothair litríochta a dtráchtar orthu sa dialann sna hinnéacsanna ag deireadh an tráchtais. Mar aon leis sin, meáitear an dialann seo ó thaobh na staire de, ó thaobh na litríochta de agus ó thaobh na teanga de. Meastar a tábhacht stairiúil sa dara caibidil trína cur i gcomparáid leis na saothair is mó atá i gcló ina bpléitear an saol sna hionaid imtheorannaithe ag an am seo. Déantar measúnú ar fhiúntas litríochta na dialainne, ansin, sa tríú caibidil trína cur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le samplaí eile den seánra is mó lena mbaineann sí, ‘Dialann an Phríosúnaigh Pholaitiúil’. Ar deireadh thiar, déantar anailís ar an dialann ó thaobh na teangeolaíochta de sa cheathrú caibidil. Chuige sin, mionscrúdaítear an rian a d’fhág na nithe seo ar theanga na dialainne: Gaeilge Chorca Dhuibhne; nósanna litrithe agus gramadaí na linne; an Béarla; téarmaí a bhfuil an chuma orthu gurbh fhéidir gurbh é Seán Óg féin a cheap iad; focail liteartha a bhí dulta i léig."]},{"key":"dc:format","label":"Dc Format","values":["application/pdf"]},{"key":"dc:title","label":"Title","values":["Dialann Phríosúin Sheáin a’ Chóta"]}]}],"canonical_facts":{"dc:creator":["Ó Catháin, Micheál"],"dc:date":["2012-04"],"dc:date.issued":["2012-04"],"dc:description.abstract":["Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo: eagrán dioplamáideach den dialann a choimeád Séan Óg Ó Caomhánaigh (‘Seán a’ Chóta’/‘An Cota’) ó 16 Feabhra – 13 Nollaig 1923; tráchtas ina ndéantar anailís ar ghnéithe suntasacha den lámhscríbhinn sin. An rud atá i gceist le heagrán dioplamáideach ná go bhfuil an athscríbhinn chomh dílis don bhunlámhscríbhinn agus is féidir agus go ndéantar plé ar na deacrachtaí téacsúla ar fad a bhaineann leis an téacs sa réamhrá agus sna fonótaí. Maidir leis an dara cuid den tionscadal seo, cuirtear dialann Sheáin Óig ina comhthéacs trí thuairisc a thabhairt ar shaol Sheáin Óig sa chéad chaibidil agus trí chuntas a thabhairt ar na daoine, ar na háiteanna agus ar na saothair litríochta a dtráchtar orthu sa dialann sna hinnéacsanna ag deireadh an tráchtais. Mar aon leis sin, meáitear an dialann seo ó thaobh na staire de, ó thaobh na litríochta de agus ó thaobh na teanga de. Meastar a tábhacht stairiúil sa dara caibidil trína cur i gcomparáid leis na saothair is mó atá i gcló ina bpléitear an saol sna hionaid imtheorannaithe ag an am seo. Déantar measúnú ar fhiúntas litríochta na dialainne, ansin, sa tríú caibidil trína cur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le samplaí eile den seánra is mó lena mbaineann sí, ‘Dialann an Phríosúnaigh Pholaitiúil’. Ar deireadh thiar, déantar anailís ar an dialann ó thaobh na teangeolaíochta de sa cheathrú caibidil. Chuige sin, mionscrúdaítear an rian a d’fhág na nithe seo ar theanga na dialainne: Gaeilge Chorca Dhuibhne; nósanna litrithe agus gramadaí na linne; an Béarla; téarmaí a bhfuil an chuma orthu gurbh fhéidir gurbh é Seán Óg féin a cheap iad; focail liteartha a bhí dulta i léig."],"dc:format":["application/pdf"],"dc:identifier.uri":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/3731/1/DialannPhr%C3%ADos%C3%BAinShe%C3%A1inaCh%C3%B3ta.pdf"],"dc:language":["en"],"dc:publisher.department":["Nua-Ghaeilge"],"dc:publisher.institution":["National University of Ireland Maynooth"],"dc:relation.isreferencedby":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/3731/"],"dc:subject":["School of Celtic Studies"],"dc:title":["Dialann Phríosúin Sheáin a’ Chóta"],"dc:type":["Thesis"],"dc:type.qualificationlevel":["doctoral"],"dc:type.qualificationname":["phd"]},"updated_at":"2026-07-24T03:02:39Z"}