Back to results

National University of Ireland Maynooth

Logainmneacha na mBailte Fearainn i nDamh Liag Íochtarach

Abstract

dc:description.abstract

Is é sprioc an tráchtais seo staidéar a dhéanamh ar logainmneacha na mbailte fearainn i nDamh Liag Íochtarach trí fhoinsí stairiúla Gaeilge, Laidine, Fraincise agus Béarla, mar aon le léarscáileanna a cheadú, chun samplaí stairiúla na logainmneacha a aimsiú agus a chruinniú, a chlárú in ord croineolaíoch agus a mheas. Déantar iarracht na heilimintí atá ceilte iontu a aithint, a scaradh óna chéile agus a phlé i gcomhthéacs na fianaise a bailíodh. Déantar soiléiriú ar bhunús na n-eilimintí sin nuair is féidir. Déantar anailís ar struchtúr na logainmneacha a bailíodh. Cuirtear leaganacha comhaimseartha foghraíocha san áireamh. Déantar iarracht claochlaithe litrithe an Bhéarla ar na logainmneacha Gaeilge a scaoileadh agus cuirtear leaganacha díobh ar fáil i litriú comhaimseartha na Gaeilge nuair is féidir. Is de réir an pharóiste a eagrófar an t-ábhar. Léirítear an modh eagarthóireachta sa Réamhrá, agus déantar meas ar mhianach na bhfoinsí a ceadaíodh don tráchtas a bhfuil tréimse fada ama i gceist leo, mar aon le caighdeán an-mheasctha. Cuirtear blas díobh ar fáil in amanna. Insítear go ginearálta faoi Dhamh Liag Íochtarach i gCaibidil 1. Cuirtear an fhianaise a bailíodh ar na logainmneacha i láthair i gCaibidil 2. Pléitear í agus déantar léirmhíniú ar eilimintí na logainmneacha de réir mar a thagann siad chun solais. Breathnaítear ar an tionchar a bhí ag na Gaeil, ag an gCríostaíocht agus ag na coilíní ar logainmneacha na leathbharúntachta i gCaibidil 3. Cláraítear céad-taifead VILLA/ TON/ TOUN/ TOWN[E]/ BAL i gcáipéisí na gcoilíneach ón 13ú haois go dtí an 17ú haois. Pléitear an eilimint BAL. Braitear anáil ón bhFrainc agus ón mBreatain Bheag ar líon anbheag logainmneacha. Rangaítear logainmneacha Dhamh Liag Íochtarach de réir a struchtúr i gCaibidil 4. Cuirtear liosta de na logainmneacha ar fáil de réir teanga ag deireadh an tráchtais.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
phd
Level dc:type.qualificationlevel
doctoral
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2014

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Lawlor, Una

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
related terms
citation

Lawlor, Una. Logainmneacha na mBailte Fearainn i nDamh Liag Íochtarach. doctoral thesis, National University of Ireland Maynooth, 2014.