Back to results

National University of Ireland Maynooth

An spás istigh agus an spás amuigh: aitiú spáis i saothair liteartha Mhichíl Uí Chonghaile agus Chathail uí Shearcaigh

Abstract

dc:description.abstract

Tá borradh nach beag ag teacht ar an spéis a léirítear sna scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh. D’eascair saothair liteartha na beirte úd as gluaiseacht fhrithchultúir na seascaidí agus na seachtóidí san fhichiú haois agus tá rian filí agus scríbhneoirí Innti le feiceáil ina gcuid saothar. Tháinig téamaí réabhlóideacha úrnua liteartha chun cinn ón ngluaiseacht seo; spásanna soch-chultúrtha inar tháinig an raon príobháideach (an iarracht liteartha) agus an raon poiblí (an chritic) le chéile. Tá oscailteacht ar leith i dtaobh théama na collaíochta le feiceáil cuid mhór in iarrachtaí na beirte. Is mar dheoraithe collaí iad carachtair shaothair na scríbhneoirí agus spás ait collaí á lorg acu. Cé gur as dhá cheantar Ghaeltachta ar leith iad, Gaeltacht Dhún na nGall agus Gaeltacht Chonamara, feictear go raibh tionchair idirnáisiúnta ar an mbeirt agus iad ar an bpeann. Is í bunaidhm an tráchtais seo ná súil úr a chaitheamh ar iarrachtaí liteartha na scríbhneoirí úd trí leas tugnamhach a bhaint as cur chuige nua-aimseartha iarstruchtúrach critice a dtugtar teoiric na haiteachta air. Bainfear úsáid as cúlraí socheolaíocha theoiric na haiteachta chun fiúntas agus luach shaothar na beirte seo a mheas go domhain. Tabharfaidh an cur chuige teoirice seo cothrom na Féinne do théamaí áirithe liteartha trínar féidir linn teacht ar spás nua anailíseach critice chun saothar na scríbhneoirí a ceadaíodh a scrúdú. Breathnófar, mar thoradh air sin, ar théamaí ar leith agus ar cheisteanna a eascraíonn as an bplé faoin gcollaíocht, faoin bhféiniúlacht agus faoin gcumhacht. Déanfar scagadh, cuir i gcás, ar an gcrúsáil chollaí agus ar an teacht amach mar léiriú i saothair na beirte agus é seo curtha i gcomhthéacs chritic na haiteachta. Beidh dhá chuid i gceist leis an tráchtas seo: iniúchadh ar fhiúntas chur chuige chritic na haiteachta agus ansin a cur i bhfeidhm ar théacsanna na beirte scríbhneoirí seo. Déanfar seo a rianú ina dhá chuid: an spás istigh (an raon príobháideach) agus an spás amuigh (an raon poiblí). An rud is mó a eascraíonn as an taighde seo ná gur féidir leas a bhaint as tuiscintí theoiric na haiteachta chun léamha as an nua a fhorbairt i ngort litríocht na Nua-Ghaeilge. Dar leis an scríbhneoir seo, tugann sé seo cothrom na Féinne don bheirt scríbhneoirí comhaimseartha a mbeidh a saothar faoi chaibidil sa tráchtas seo.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
phd
Level dc:type.qualificationlevel
doctoral
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2016

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Richards, Jonathan William

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
related terms
citation

Richards, Jonathan William. An spás istigh agus an spás amuigh: aitiú spáis i saothair liteartha Mhichíl Uí Chonghaile agus Chathail uí Shearcaigh. doctoral thesis, National University of Ireland Maynooth, 2016.