National University of Ireland Maynooth
Logainmneacha na mbailte fearainn i bparóistí Bhéal Leice, Theampall Cearna agus Dhroim Caorthainn i mbarúntacht Loirg Contae Fhear Manach: bunfhoirmeacha agus bríonna
Abstract
dc:description.abstractÁbhar agus Aidhm an Tráchtais Is é ábhar an tráchtais seo, logainmneacha na mbailte fearainn i mBéal Leice, i dTeampall Cearna agus i nDroim Caorthainn, trí pharóiste dlí as seacht gcinn ar fad i mbarúntacht Loirg. Is é 196 líon na mbailte fearainn sna paróistí dlí. Is í aidhm an tráchtais, anailís a dhéanamh ar logainmneacha na mbailte fearainn thuasluaite seo d’fhonn teacht ar a mbunfhoirmeacha agus a mbríonna.Tugtar faoin aidhm seo trí na bealaí seo a leanas: Aird a thabhairt ar shaothair na gceannródaithe cosúil le Seán Ó Donnabháin, Patrick Weston Joyce, Edmund Hogan, Deirdre agus Laurence Flanagan, agus araile. Foinsí tánaisteacha a bhaineann le litríocht logainmneacha a scrúdú chun eolas agus léargas a fháil. Staidéar a dhéanamh ar mhodhanna agus ar thaighde na dtionscadal seo a leanas: • Bunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie, arna fhorbairt ag Fiontar (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta) • Northern Ireland Place-Names Project, Béal Feirste lena sraith leabhar Place-Names of Northern Ireland, agus lena suíomh idirlín www.placenamesni.org. Cuardach forleathan a dhéanamh sna bunfhoinsí a bhaineann le logainmneacha sa Chartlann Náisiúnta, in Public Records Office Northern Ireland (PRONI), sa Leabharlann Náisiúnta, i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad agus i stórtha eolais eile chun leaganacha stairiúla na logainmneacha a aimsiú. Leaganacha stairiúla na logainmneacha a shocrú i gcomhthéacs na fianaise bailithe ó Ainmleabhair na Suirbhéireachta Ordanáis. Cuairteanna a thabhairt ar na bailte fearainn chun fuaimniú áitiúil na logainmneacha a chloisteáil. Na foinsí go léir a úsáid le chéile chun anailís a dhéanamh chun bunfhoirm agus brí gach logainm atá idir lámha a aimsiú, más féidir.
Degree
thesis:*- Level dc:type.qualificationlevel
- masters
- Grantor dc:publisher.institution
- National University of Ireland Maynooth
- Year dc:date.issued
- 2016
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Lenihan, Tony
Rights
- Language dc:language
- en