Back to results

National University of Ireland Maynooth

Logainmneacha na mbailte fearainn i bparóistí Bhéal Leice, Theampall Cearna agus Dhroim Caorthainn i mbarúntacht Loirg Contae Fhear Manach: bunfhoirmeacha agus bríonna

Abstract

dc:description.abstract

Ábhar agus Aidhm an Tráchtais Is é ábhar an tráchtais seo, logainmneacha na mbailte fearainn i mBéal Leice, i dTeampall Cearna agus i nDroim Caorthainn, trí pharóiste dlí as seacht gcinn ar fad i mbarúntacht Loirg. Is é 196 líon na mbailte fearainn sna paróistí dlí. Is í aidhm an tráchtais, anailís a dhéanamh ar logainmneacha na mbailte fearainn thuasluaite seo d’fhonn teacht ar a mbunfhoirmeacha agus a mbríonna.Tugtar faoin aidhm seo trí na bealaí seo a leanas:  Aird a thabhairt ar shaothair na gceannródaithe cosúil le Seán Ó Donnabháin, Patrick Weston Joyce, Edmund Hogan, Deirdre agus Laurence Flanagan, agus araile.  Foinsí tánaisteacha a bhaineann le litríocht logainmneacha a scrúdú chun eolas agus léargas a fháil.  Staidéar a dhéanamh ar mhodhanna agus ar thaighde na dtionscadal seo a leanas: • Bunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie, arna fhorbairt ag Fiontar (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta) • Northern Ireland Place-Names Project, Béal Feirste lena sraith leabhar Place-Names of Northern Ireland, agus lena suíomh idirlín www.placenamesni.org.  Cuardach forleathan a dhéanamh sna bunfhoinsí a bhaineann le logainmneacha sa Chartlann Náisiúnta, in Public Records Office Northern Ireland (PRONI), sa Leabharlann Náisiúnta, i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad agus i stórtha eolais eile chun leaganacha stairiúla na logainmneacha a aimsiú.  Leaganacha stairiúla na logainmneacha a shocrú i gcomhthéacs na fianaise bailithe ó Ainmleabhair na Suirbhéireachta Ordanáis.  Cuairteanna a thabhairt ar na bailte fearainn chun fuaimniú áitiúil na logainmneacha a chloisteáil.  Na foinsí go léir a úsáid le chéile chun anailís a dhéanamh chun bunfhoirm agus brí gach logainm atá idir lámha a aimsiú, más féidir.

Degree

thesis:*
Level dc:type.qualificationlevel
masters
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2016

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Lenihan, Tony

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
related terms
citation

Lenihan, Tony. Logainmneacha na mbailte fearainn i bparóistí Bhéal Leice, Theampall Cearna agus Dhroim Caorthainn i mbarúntacht Loirg Contae Fhear Manach: bunfhoirmeacha agus bríonna. masters thesis, National University of Ireland Maynooth, 2016.