Back to results

National University of Ireland Maynooth

Grinnstaidéar ar an nGaol Gabhlánach: Anailís Shochstairiúil ar Nádúr an Dátheangachais Shochaíoch in Éirinn le linn an Fichiú hAois

Abstract

dc:description.abstract

Tugann an taighde seo aghaidh ar fheiniméan an dátheangachais shochaíoch i gcás phobal na hÉireann. Dírítear ar an nGaeilge agus ar an mBéarla, teangacha neadaithe i stair na tíre, agus ar an ngaol eatarthu, chun na críche seo. Tuigtear gur féidir iniúchadh a dhéanamh ar choincheap an dátheangachais trí dhá lionsa éagsúla go príomha – lionsa a dhíríonn ar an gcoincheap mar thréith an duine aonair, agus lionsa eile a dhíríonn ar an gcoincheap mar thréith grúpa cainteoirí nó pobail. Is ar an gcoincheap deireanach a dhíríonn an taighde seo, coincheap a dtugtar an dátheangachas sochaíoch air. Léirítear ina bhfuil scríofa ar an ábhar seo gur feiniméan uilíoch é an dátheangachas agus go bhfuil an iliomad diminsean ag baint leis. Go bunúsach, áfach, baintear leas as mar shaintréith nuair atáthar ag déanamh cur síos ar staid ina bhfuil úsáid dhá theanga i bpobal faoi leith le tabhairt faoi deara. Is léir ó shainmhínithe an fheiniméin nach mór díriú ar shaincheisteanna amhail stádas agus róil na dteangacha sa phobal, meon an phobail i leith na dteangacha úd, cinntithigh rogha teanga agus úsáidí praiticiúla agus siombalacha na dteangacha. Is é croí theoiric an tsaothair seo ná gur féidir stádas teangacha a chur i gcoibhneas lena chéile, agus más cothrom lena chéile iad i bpobal faoi leith, gur féidir dátheangachas cothrománach a thabhairt ar an staid theangeolaíoch. Fiosraítear bailíocht an lipéid seo i gcás phobal na hÉireann sa saothar seo. Leagtar béim ar thrí réimse (nó trí ghné saoil mar a mhaítear i sainmhíniú bunúil an lipéid) faoi leith nach mór iniúchadh a dhéanamh orthu i ndáil leis an gcomhionannas stádais seo: réimse an teaghlaigh, an réimse oifigiúil agus an réimse cultúrtha. Baintear úsáid as creatlach theoiriciúil UNESCO i leith ‘Beogacht Teanga agus Teangacha i mBaol’ (UNESCO's Language Vitality and Endangerment Methodological Guideline) mar chreatlach chun na críche seo. Is meascán de mhodhanna cáilíochtúla agus de mhodhanna cainníochtúla iad a mbaintear úsáid astu d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar: 1) sheachadadh na Gaeilge agus an Bhéarla go hidirghlúineach; 2) líon iomlán chainteoirí na dteangacha; 3) líon chainteoirí na dteangacha i gcoibhneas leis an daonra iomlán; 4) iompuithe i réimsí úsáide na dteangacha; 5) fhreagairt na dteangacha do réimsí agus do mheáin nua; 6) na hábhair oideachas teanga agus litearthachta atá ar fáil sna teangacha; 7) mheon teanga agus pholasaithe teanga rialtais agus institiúide; 8) mheon phobal na hÉireann i leith a dteangacha féin; agus ar 9) chineál agus ar chaighdeán doiciméadaithe na dteangacha. Rianaíonn cás-staidéir faoi leith i gcaitheamh an tsaothair seo an tionchar a bhí ag institiúidí éagsúla ar stádas na Gaeilge go háirithe, agus é mar aidhm acu cur go suntasach le seasmhacht an dátheangachais shochaíoch. Tugann an taighde le tuiscint gur leochaileach agus gurbh éagothrom a bhí dátheangachas sochaíoch na hÉireann ag deireadh an fichiú haois agus creidtear nach bhfuil mórán athraithe tagtha ar an scéal ó shin. Sainaithníodh laigí maidir le seachadadh na Gaeilge mar mháthairtheanga go háirithe, agus is ríléir gur ‘go cinnte i mbaol’ atá an teanga i dtéarmaí chreatlach UNESCO. Léiríodh go follasach nárbh ionann stádas na Gaeilge agus an Bhéarla ag deireadh na tréimhse iniúchta agus, ar an ábhar sin, áitítear anseo gur lipéad neamhchruinn éigiallda é an dátheangachas cothrománach chun cur síos a dhéanamh ar nádúr an dátheangachais shochaíoch in Éirinn.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
phd
Level dc:type.qualificationlevel
doctoral
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2014

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Ní Bhreithiún, Gráinne

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
related terms
citation

Ní Bhreithiún, Gráinne. Grinnstaidéar ar an nGaol Gabhlánach: Anailís Shochstairiúil ar Nádúr an Dátheangachais Shochaíoch in Éirinn le linn an Fichiú hAois. doctoral thesis, National University of Ireland Maynooth, 2014.