National University of Ireland Maynooth
Straidéar téamúil ar an ngrá collaí i saothair na scribheoirí comhaimseartha Pádraig Breathnach Pádraig Standún Pádraig Ó Cíobháin
Abstract
dc:description.abstractSéard atá fúm a dhéanamh sa mhiontráchtas seo ná ábhar an ghrá chollaí a ríomh is a iniúchadh tri staidéar téamúil ar shaothair na n-údar comhaimseartha seo; Pádraig Breathnach, Padraig Standún, Pádraig Ó Cíobháin . Agus é de phríomh aidhm agam anailís chuimsitheach a dhéanamh, leanaim gach snáth de théama an ghrá tri na saothair uilig ó thus deireadh. I gcaibidil oscailte an tráchtais, tá cur síos agam ar stair an ghrá i litríocht na Gaeilge ón 8ú haois amach. Caibidil i seo a léiríonn nach coincheap úrnua é an grá sa litríocht. Tá fianaise láidir ann a chruthaíonn go raibh spiorad, fantaisíocht, tíriúlacht agus greann Raibiléiseach sa litríocht ón tus . Taobh istigh de chaibidil 2,3 agus 4 tá beachtú déanta agam ar an téama agus plé ar ionramháil an ábhair leis an triúr údar roghnaithe. Séard atá i gcaibidil 5 ná toradh ar cheistiúchán a chuireas ar na húdair . Fuaireas eolas leathan spéisiúil uathu, a chabhraigh go mór liom a theacht i dtuiscint ar mheon agus dearcadh na scríbhneoirí i leith a gcuid saothair. Sa chonclúid ghinearálta nochtaim an tuiscint a tháinig chugam ón scagadh a rinne mé ar an ábhar. Tharraing mé concluidí ar leith i dtaobh ionramháil ábhar, buanna, lochtanna, cúrsaí stile agus foclóra agus rinne measúnacht ar chonas mar a éiríonn leis na húdair.
Degree
thesis:*- Level dc:type.qualificationlevel
- masters
- Grantor dc:publisher.institution
- National University of Ireland Maynooth
- Year dc:date.issued
- 1994
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Úi Anluain, Caitlín
Subjects
dc:subject × 1Rights
- Language dc:language
- en