Back to results

National University of Ireland Maynooth

Eagarthóireacht Phádraig Mhic Phiarais ar an gClaidheamh Soluis

Abstract

dc:description.abstract

Sa tráchtas seo, pléadh an léargas a fhaightear ar mheon Phádraig Mhic Phiarais agus é ina eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis. I réamhrá an tráchtais, gheofar forbairt ar chuspóirí, ar mhodh oibre, ar ábhar an tráchtais, ar phointí eolais ar leith agus ar phríomhábhar na hachoimre seo. Chun treo na hoibre agus leagan amach na gCaibidlí a shoiléiriú, cuireadh réamhrá le gach caibidil. I gCaibidil a hAon pléadh (i) saol an Phiarsaigh agus tionchar a shaoil ar a thréimhse eagarthóireachta (ii) bunú an CS agus tábhacht an nuachtáin in Éirinn ag an am Pléadh forbairt eagarthóireachta an CS agus forbairt an eagarthóra féin - Pádraig Mac Piarais i gCaibidil a Dó. Gheofar léargas ar fhealsúnacht oideachais an Phiarsaigh mar a léiritear í sa CS i gCaibidil a Trí. Gheofar léargas ar an seasamh a ghlac Pádraig Mac Piarais mar eagarthóir ar pháipéar oifígiúil an Chonartha, ar bhunoideachas, ar mheán oideachas agus ar ardoideachas na hÉireann sa chaibidil seo. Rinne an Piarsach an - obair ar son chur chun cinn litríocht na hÉireann agus é i mbun eagarthóireachta ag tús an chéid. Pléadh an dul chun cinn seo agus dearcadh an Phiarsaigh ar litríocht agus na healaíona mar a léiritear é sa CS i gCaibidil a Ceathair. Ba é tuairim Phádraig Mhic Phiarais go raibh dlúthcheangal idir Teanga agus náisiúntacht agus rinne sé sár - iarracht teoiric an Dátheangachais a fhorbairt. T á tuiscint na dteoiricí seo pléite i gCaibidil a Cúig. I gCaibidil a Sé pléadh an pháirt ghníomhach a ghlac an Piarsach i ngníomhaíochtaí Chonradh na Gaeilge. Léiríodh fosta gurbh i ceann de phríomhaidhmeanna an Phiarsaigh mar eagarthóir an pháipéar oifigiúil an Chonartha ná fealsúnacht an Chonartha a chur os comhair léitheoirí an pháipéir. Phléigh an Piarsach an - chuid gnéithe de shaol na Éireann i rith a thréimhse eagarthóireachta. Gheofar léargas ar mheon an Phiarsaigh ar chúrsaí eacnamaíochta, chúrsaí sóisialta, chúrsaí polaitíochta agus chúrsaí creidimh na hÉireann i gCaibidil a Seacht. Tar-éis dom mo chuid taighde a chur díom ba léir gur eagarthóir den chéad scoth ab ea Pádraig Mac Piarais agus gur thréimhse thábhachtach, fhorbartha i saol an Phiarsaigh féin ab ea a thréimhse eagarthóireachta. Déanfar plé ar an tuiscint a fhaightear ar an dea - obair a rinne Pádraig Mac Piarais maidir le Gaelú na hÉireann agus ar an léargas a fhaightear ar shaol na tíre agus ar an bPiarsach féin de thoradh an tsaothair seo, i gConclúidí an tráchtais i gCaibidil a hocht. Is buntaighde i an obair seo agus bhí sé riachtanach tuilleadh eolais a chur le corp na hoibre, sé sin, caibidlí an Tráchtais, chun eolas cruinn, cothrom a fháil ar ábhar an taighde. De dheasca sin, tá fiúntas agus tábhacht ar leith ag baint le hAguisíní an Tráchta is agus is fiú aird a dhiriú orthu chun tréimhse eagarthóireachta an Phiarsaigh i gcomhthéacs ábhar an nuachtáin a thuiscint i gceart.

Degree

thesis:*
Level dc:type.qualificationlevel
masters
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
1998

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Uí Chollatáin, Regina

Subjects

dc:subject × 1

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
citation

Uí Chollatáin, Regina. Eagarthóireacht Phádraig Mhic Phiarais ar an gClaidheamh Soluis. masters thesis, National University of Ireland Maynooth, 1998.