{"id":{"repo_id":"maynooth","oai_identifier":"oai:mural.maynoothuniversity.ie:5317"},"canonical_url":"https://search.dev.ndltd.org/etd/maynooth/oai:mural.maynoothuniversity.ie:5317","repository":{"repo_id":"maynooth","name":"National University of Ireland - Maynooth","base_url":"http://mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2"},"display":{"title":"Maidhc Dainín Ó Sé mar Scéalaí: Anailís Chritice ar Shaothair Mhaidhc Dainín Ó Sé","abstract":"Tá réamhrá, ocht gcaibidil agus conclúid le feiceáil san obair seo. An argóint atá á dhéanamli sa mhórthráchtas seo ná gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Déantar anailís chritice ar an dá shaothar déag atá foilsithe aige go dtí an lá atá inniú ann sa mhórthráchtas seo. Tiomnaítear Caibidil 1 do sheánra. Déantar sainmhíniú ar sheánra. Braitear gur caibidil thábhachtach í an chaibidil seo mar baineann Maidhc Dainín Ó Sé úsáid as cúig sheánra difriúla ina chuid scríbhneoireachta; úrscéalta, leabhair dírbheathaisnéise, mionúrscéalta, filíocht agus fabhalscéalta. Tá léirmheasanna as an iris Comhar ar shaothair an údair seo le feiceáil sa chaibidil seo chomh maith. Baineann Caibidil 2, 3 agus 4 leis na húrscéalta; Tae le Tae, Dochtúir na bPiast, Greenhorn agus Lili Fraine. Pléitear téamaí coitianta na núrscéalta i gCaibidil 2; téama na himirce, téama an ghrá, téama an fhoréigin agus an fhill agus téama na sainte. An teideal atá ar Chaibidil 3 ná Ról na bhFear. Is féidir fir na núrscéalta a ghrúpáil mar a leanas; coirpigh, laochra, fír mhaithe agus fir mhaithe a dhéanann roghanna amaideacha. Tiomnaítear Caibidil 4 do Ról na mBan. Is féidir mná na núrscéalta a ghrúpáil chomh maith; íobartaigh, mná misniúla maithe agus mná laga. Baineann Caibidil 5 leis na leabhair dírbheathaisnéise; A Thig Ná TU Orm, Mura mBuafam - Suathfam agus Chicago Driver. Baineann an chéad ceann atá luaite le seánra an Childhood. Is féidir leabhar dírbheathaisnéise a thabhairt ar an dara ceann. Nil struchtúr le feiceáil i Chicago Driver ar chor ar bith agus mar gheall ar sin tá sé 1 deacair an leabhar áirithe seo a chur in aon sheánra amháin. Pléitear eachtraí fánacha ó shaol an údair sa leabhar seo. Is eachtraí réadúla iad áfach agus is é sin an fáth a chuirtear an leabhar seo sa seánra seo. Pléitear an cnuasach mionúrscéalta, Corcán na dTrí gCos, agus an cnuasach filíochta, Citeal na Stoirme i gCaibidil 6. Dírítear aird ar théamaí agus ar charachtair na mionúrscéalta agus dírítear aird ar théamaí na filíochta. Tá scéal gearr ó shaol an údair á insint i ngach dán agus treisíonn seo an argóint gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Tiomnaítear Caibidil 7 do na fabhalscéalta, Is Glas iad na Cnoic, Madraí na nOcht gCos agus Mair, a Chapaill. Is leabhair iad seo atá dírithe ar léitheoirí óga na Gaeilge. Tá ceacht le fáil i ngach ceann. Is ainmhithe iad na príomhcharachtair agus tá cumas na teanga acu. Sa chaibidil dheireanach, déantar anailís ar stíl an údair seo. Dírítear aird ar théama, ar phlota, ar struchtúr scéalaíochta, ar charachtar, ar shuíomh agus ar theanga ó thaobh stíle de.","abstract_html":"Tá réamhrá, ocht gcaibidil agus conclúid le feiceáil san obair seo. An argóint atá á dhéanamli sa mhórthráchtas seo ná gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Déantar anailís chritice ar an dá shaothar déag atá foilsithe aige go dtí an lá atá inniú ann sa mhórthráchtas seo. Tiomnaítear Caibidil 1 do sheánra. Déantar sainmhíniú ar sheánra. Braitear gur caibidil thábhachtach í an chaibidil seo mar baineann Maidhc Dainín Ó Sé úsáid as cúig sheánra difriúla ina chuid scríbhneoireachta; úrscéalta, leabhair dírbheathaisnéise, mionúrscéalta, filíocht agus fabhalscéalta. Tá léirmheasanna as an iris Comhar ar shaothair an údair seo le feiceáil sa chaibidil seo chomh maith. Baineann Caibidil 2, 3 agus 4 leis na húrscéalta; Tae le Tae, Dochtúir na bPiast, Greenhorn agus Lili Fraine. Pléitear téamaí coitianta na núrscéalta i gCaibidil 2; téama na himirce, téama an ghrá, téama an fhoréigin agus an fhill agus téama na sainte. An teideal atá ar Chaibidil 3 ná Ról na bhFear. Is féidir fir na núrscéalta a ghrúpáil mar a leanas; coirpigh, laochra, fír mhaithe agus fir mhaithe a dhéanann roghanna amaideacha. Tiomnaítear Caibidil 4 do Ról na mBan. Is féidir mná na núrscéalta a ghrúpáil chomh maith; íobartaigh, mná misniúla maithe agus mná laga. Baineann Caibidil 5 leis na leabhair dírbheathaisnéise; A Thig Ná TU Orm, Mura mBuafam - Suathfam agus Chicago Driver. Baineann an chéad ceann atá luaite le seánra an Childhood. Is féidir leabhar dírbheathaisnéise a thabhairt ar an dara ceann. Nil struchtúr le feiceáil i Chicago Driver ar chor ar bith agus mar gheall ar sin tá sé 1 deacair an leabhar áirithe seo a chur in aon sheánra amháin. Pléitear eachtraí fánacha ó shaol an údair sa leabhar seo. Is eachtraí réadúla iad áfach agus is é sin an fáth a chuirtear an leabhar seo sa seánra seo. Pléitear an cnuasach mionúrscéalta, Corcán na dTrí gCos, agus an cnuasach filíochta, Citeal na Stoirme i gCaibidil 6. Dírítear aird ar théamaí agus ar charachtair na mionúrscéalta agus dírítear aird ar théamaí na filíochta. Tá scéal gearr ó shaol an údair á insint i ngach dán agus treisíonn seo an argóint gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Tiomnaítear Caibidil 7 do na fabhalscéalta, Is Glas iad na Cnoic, Madraí na nOcht gCos agus Mair, a Chapaill. Is leabhair iad seo atá dírithe ar léitheoirí óga na Gaeilge. Tá ceacht le fáil i ngach ceann. Is ainmhithe iad na príomhcharachtair agus tá cumas na teanga acu. Sa chaibidil dheireanach, déantar anailís ar stíl an údair seo. Dírítear aird ar théama, ar phlota, ar struchtúr scéalaíochta, ar charachtar, ar shuíomh agus ar theanga ó thaobh stíle de.","abstract_has_math":false,"creators":["Ní Sprúháin, Bríd"],"institution":"National University of Ireland Maynooth","degree_name":null,"degree_level":"masters","degree_discipline":null,"degree_department":null,"school":null,"contributors":[],"advisors":[],"committee_chairs":[],"committee_members":[],"year":2005,"date_issued":"2005-07","date_published":"2005-07","updated_at":"2026-07-24T03:02:49Z","subjects":["School of Celtic Studies"],"languages":["en"],"rights":[],"rights_urls":[],"identifier_entries":[]},"links":{"outbound_url":null,"outbound_label":null,"outbound_source":null},"metadata_groups":[{"id":"people","label":"People","entries":[{"key":"dc:creator","label":"Author","values":["Ní Sprúháin, Bríd"]}]},{"id":"academic_context","label":"Academic Context","entries":[{"key":"dc:date","label":"Dc Date","values":["2005-07"]},{"key":"dc:date.issued","label":"Date","values":["2005-07"]},{"key":"dc:publisher.department","label":"Dc Publisher Department","values":["Nua-Ghaeilge"]},{"key":"dc:publisher.institution","label":"Dc Publisher Institution","values":["National University of Ireland Maynooth"]},{"key":"dc:relation.isreferencedby","label":"Dc Relation Isreferencedby","values":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/5317/"]},{"key":"dc:type","label":"Dc Type","values":["Thesis"]},{"key":"dc:type.qualificationlevel","label":"Dc Type Qualificationlevel","values":["masters"]}]},{"id":"subjects_keywords","label":"Subjects and Keywords","entries":[{"key":"dc:subject","label":"Dc Subject","values":["School of Celtic Studies"]}]},{"id":"language_rights","label":"Language and Rights","entries":[{"key":"dc:language","label":"Dc Language","values":["en"]}]},{"id":"identifiers","label":"Identifiers","entries":[{"key":"dc:identifier.uri","label":"Identifier URI","values":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/5317/1/Brid_Ni_Spruhain_20140806141020.pdf"]}]},{"id":"additional","label":"Additional Metadata","entries":[{"key":"dc:description.abstract","label":"Abstract","values":["Tá réamhrá, ocht gcaibidil agus conclúid le feiceáil san obair seo. An argóint atá á dhéanamli sa mhórthráchtas seo ná gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Déantar anailís chritice ar an dá shaothar déag atá foilsithe aige go dtí an lá atá inniú ann sa mhórthráchtas seo. Tiomnaítear Caibidil 1 do sheánra. Déantar sainmhíniú ar sheánra. Braitear gur caibidil thábhachtach í an chaibidil seo mar baineann Maidhc Dainín Ó Sé úsáid as cúig sheánra difriúla ina chuid scríbhneoireachta; úrscéalta, leabhair dírbheathaisnéise, mionúrscéalta, filíocht agus fabhalscéalta. Tá léirmheasanna as an iris Comhar ar shaothair an údair seo le feiceáil sa chaibidil seo chomh maith. Baineann Caibidil 2, 3 agus 4 leis na húrscéalta; Tae le Tae, Dochtúir na bPiast, Greenhorn agus Lili Fraine. Pléitear téamaí coitianta na núrscéalta i gCaibidil 2; téama na himirce, téama an ghrá, téama an fhoréigin agus an fhill agus téama na sainte. An teideal atá ar Chaibidil 3 ná Ról na bhFear. Is féidir fir na núrscéalta a ghrúpáil mar a leanas; coirpigh, laochra, fír mhaithe agus fir mhaithe a dhéanann roghanna amaideacha. Tiomnaítear Caibidil 4 do Ról na mBan. Is féidir mná na núrscéalta a ghrúpáil chomh maith; íobartaigh, mná misniúla maithe agus mná laga. Baineann Caibidil 5 leis na leabhair dírbheathaisnéise; A Thig Ná TU Orm, Mura mBuafam - Suathfam agus Chicago Driver. Baineann an chéad ceann atá luaite le seánra an Childhood. Is féidir leabhar dírbheathaisnéise a thabhairt ar an dara ceann. Nil struchtúr le feiceáil i Chicago Driver ar chor ar bith agus mar gheall ar sin tá sé 1 deacair an leabhar áirithe seo a chur in aon sheánra amháin. Pléitear eachtraí fánacha ó shaol an údair sa leabhar seo. Is eachtraí réadúla iad áfach agus is é sin an fáth a chuirtear an leabhar seo sa seánra seo. Pléitear an cnuasach mionúrscéalta, Corcán na dTrí gCos, agus an cnuasach filíochta, Citeal na Stoirme i gCaibidil 6. Dírítear aird ar théamaí agus ar charachtair na mionúrscéalta agus dírítear aird ar théamaí na filíochta. Tá scéal gearr ó shaol an údair á insint i ngach dán agus treisíonn seo an argóint gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Tiomnaítear Caibidil 7 do na fabhalscéalta, Is Glas iad na Cnoic, Madraí na nOcht gCos agus Mair, a Chapaill. Is leabhair iad seo atá dírithe ar léitheoirí óga na Gaeilge. Tá ceacht le fáil i ngach ceann. Is ainmhithe iad na príomhcharachtair agus tá cumas na teanga acu. Sa chaibidil dheireanach, déantar anailís ar stíl an údair seo. Dírítear aird ar théama, ar phlota, ar struchtúr scéalaíochta, ar charachtar, ar shuíomh agus ar theanga ó thaobh stíle de."]},{"key":"dc:format","label":"Dc Format","values":["text"]},{"key":"dc:title","label":"Title","values":["Maidhc Dainín Ó Sé mar Scéalaí: Anailís Chritice ar Shaothair Mhaidhc Dainín Ó Sé"]}]}],"canonical_facts":{"dc:creator":["Ní Sprúháin, Bríd"],"dc:date":["2005-07"],"dc:date.issued":["2005-07"],"dc:description.abstract":["Tá réamhrá, ocht gcaibidil agus conclúid le feiceáil san obair seo. An argóint atá á dhéanamli sa mhórthráchtas seo ná gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Déantar anailís chritice ar an dá shaothar déag atá foilsithe aige go dtí an lá atá inniú ann sa mhórthráchtas seo. Tiomnaítear Caibidil 1 do sheánra. Déantar sainmhíniú ar sheánra. Braitear gur caibidil thábhachtach í an chaibidil seo mar baineann Maidhc Dainín Ó Sé úsáid as cúig sheánra difriúla ina chuid scríbhneoireachta; úrscéalta, leabhair dírbheathaisnéise, mionúrscéalta, filíocht agus fabhalscéalta. Tá léirmheasanna as an iris Comhar ar shaothair an údair seo le feiceáil sa chaibidil seo chomh maith. Baineann Caibidil 2, 3 agus 4 leis na húrscéalta; Tae le Tae, Dochtúir na bPiast, Greenhorn agus Lili Fraine. Pléitear téamaí coitianta na núrscéalta i gCaibidil 2; téama na himirce, téama an ghrá, téama an fhoréigin agus an fhill agus téama na sainte. An teideal atá ar Chaibidil 3 ná Ról na bhFear. Is féidir fir na núrscéalta a ghrúpáil mar a leanas; coirpigh, laochra, fír mhaithe agus fir mhaithe a dhéanann roghanna amaideacha. Tiomnaítear Caibidil 4 do Ról na mBan. Is féidir mná na núrscéalta a ghrúpáil chomh maith; íobartaigh, mná misniúla maithe agus mná laga. Baineann Caibidil 5 leis na leabhair dírbheathaisnéise; A Thig Ná TU Orm, Mura mBuafam - Suathfam agus Chicago Driver. Baineann an chéad ceann atá luaite le seánra an Childhood. Is féidir leabhar dírbheathaisnéise a thabhairt ar an dara ceann. Nil struchtúr le feiceáil i Chicago Driver ar chor ar bith agus mar gheall ar sin tá sé 1 deacair an leabhar áirithe seo a chur in aon sheánra amháin. Pléitear eachtraí fánacha ó shaol an údair sa leabhar seo. Is eachtraí réadúla iad áfach agus is é sin an fáth a chuirtear an leabhar seo sa seánra seo. Pléitear an cnuasach mionúrscéalta, Corcán na dTrí gCos, agus an cnuasach filíochta, Citeal na Stoirme i gCaibidil 6. Dírítear aird ar théamaí agus ar charachtair na mionúrscéalta agus dírítear aird ar théamaí na filíochta. Tá scéal gearr ó shaol an údair á insint i ngach dán agus treisíonn seo an argóint gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Tiomnaítear Caibidil 7 do na fabhalscéalta, Is Glas iad na Cnoic, Madraí na nOcht gCos agus Mair, a Chapaill. Is leabhair iad seo atá dírithe ar léitheoirí óga na Gaeilge. Tá ceacht le fáil i ngach ceann. Is ainmhithe iad na príomhcharachtair agus tá cumas na teanga acu. Sa chaibidil dheireanach, déantar anailís ar stíl an údair seo. Dírítear aird ar théama, ar phlota, ar struchtúr scéalaíochta, ar charachtar, ar shuíomh agus ar theanga ó thaobh stíle de."],"dc:format":["text"],"dc:identifier.uri":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/5317/1/Brid_Ni_Spruhain_20140806141020.pdf"],"dc:language":["en"],"dc:publisher.department":["Nua-Ghaeilge"],"dc:publisher.institution":["National University of Ireland Maynooth"],"dc:relation.isreferencedby":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/5317/"],"dc:subject":["School of Celtic Studies"],"dc:title":["Maidhc Dainín Ó Sé mar Scéalaí: Anailís Chritice ar Shaothair Mhaidhc Dainín Ó Sé"],"dc:type":["Thesis"],"dc:type.qualificationlevel":["masters"]},"updated_at":"2026-07-24T03:02:49Z"}