Back to results

National University of Ireland Maynooth

Litríocht do Dhéagóirí 16-19 Anailís, Measúnú, Moltaí

Abstract

dc:description.abstract

Léitheoireacht na Gaeilge i mease déagóirí, go háirithe san aoisghrupa 16-19 is ábhar don tráchtas seo. Scoláirí dara leibhéil, san Idirbhliain, sa chúigiú agus sa séú bliain atá i geeist, grupa nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu ó thaobh ábhair léitheoireachta Gaeilge de. Déantar cur síos sa chéad chaibidil ar na deacrachtaí a bhaineann le cothú na léitheoireachta i mease déagóirí sa lá tá inniu ann, agus ar na fadhbanna breise a bhaineann le cothú na léitheoireachta Gaeilge. Tugtar cuntas ar stair an seánra ar a dtugtar flesean do dhéagóirí, nó an déagfhicsean, ag diriú ar pháipéar a scríobh Robert Dunbar, saineolaí ar litríocht do dhaoine óga, dar teideal Imagining Adolescence: A Role for Teenage Fiction. Luaitear tréithe an seánra agus an chonspóid, a bhaineann leis. Ag deireadh na caibidle pléitear an domán leabhar Gaeilge ar féidir iad a lonnú sa seánra, agus moltar forbairt a dhéanamh ar an aieme seo leabhar. Tugann an dara caibidil gearrehuntas ar stair na litríochta do dhéagóirí sa Ghaeilge, agus sa tríú caibidil tá cur síos ar na deacrachtaí agus na riachtanais faoi leith a bhaineann le hábhar a sholáthar dóibh, go speisialta dóibh siúd idir 16 agus 19, nó na hóg-aosaigh, nuair is léamh sa chéad teanga agus sa dara teanga a bhíonn i geeist, agus an margadh iomlán an-bheag. Tá cuntas ar a bhfuil i geló do na hóg-aosaigh faoi láthair, agus cur síos níos mine ar thrí chinn de théacsanna atá oiriúnach dóibh agus a bhaineann leis an déagfhicsean, i gCaibidil 4. Torthaí shuirbhé ar nósanna léitheoireachta Gaeilge a rinneadh i mease daoine óga sa Ghaeltacht agus i dhá Ghaelscoil sa Ghalltacht, atá sa chéad chaibidil eile, agus i gCaibidil 6 déantar roinnt moltaí praicticiúla, bunaithe ar thaighde an údair agus ar thuairimí na ndaoine óga féin, faoin treo ba cheart a leanúint anois.

Degree

thesis:*
Level dc:type.qualificationlevel
masters
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2002

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Uí Bhaoill, Nóra Máire

Subjects

dc:subject × 1

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
citation

Uí Bhaoill, Nóra Máire. Litríocht do Dhéagóirí 16-19 Anailís, Measúnú, Moltaí. masters thesis, National University of Ireland Maynooth, 2002.