National University of Ireland Maynooth
Croidhe Cainnte Chiarraighe Sean Og O Caomhanaigh a thiomsaigh
Abstract
dc:description.abstractTá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo - eagrán d’fhoclóir SO, CCC a réiteach don chló agus tráchtas mar threoirleabhar leis an saothar. Bhí SO ag gabháil dá mhórshaothar thar thréimhse 7 mbliana, agus cé gur chuir sé saothar le chéile ina raibh breis agus 2,200,000 focal, chinn An Roinn Oideachais nach bhfoilseoidís an saothar ag an am. Cuireadh naoi n-imleabhar is fiche an tsaothair ar coimeád sa Leabharlann Náisiúnta i ndiaidh don Roinn na cearta a cheannach ón údar, áit a bhfuil na himleabhair ó shin agus iad fós gan foilsiú. Bhí sé mar aidhm agam, mar sin, agus mé ag tosú amach, an saothar a thabhairt chun soláis arís trina réiteach don chló. Sula bhféadfainn aon rud eile a dhéanamli ba é an chéad chéim sa phróiseas eagarthóireachta an foclóir iomlán a chlóscríobh. Leag mé amach i bhfoirm Word ar dtús é (agus breis is 4,500 leathanach ann ar deireadh), agus ansin chuir mé cruth leathanach Gréasáin air ag baint úsáide as HTML agus JavaScript. De réir mar a bhí mé ag gabháil don chlóscríbhneoireacht, chuir mé le chéile liostaí de shainchomharthaí teanga agus bhailigh mé faoi na teidil seo a leanas iad, liostaí atá curtha ar fáil agam ar leathanach innéacs an fhoclóra: ‘Bcannachtaí & Mallachtaí’; ‘Éanlaith & Plandaí & Ainmhithe’; ‘Logainmneacha’; ‘Nósanna & Piseoga & Aimsir’; ‘Samhlacha (chomli ... le)’; ‘Tagairtí ón mBíobla’; ‘Litríocht & Amhránaíocht’; ‘Cnuasach de Chora Cainte’; ‘Polaitíocht & Cogaíocht’; ‘Seanfhocail &Ráite’. Anailís ar an saothar féin atá sa dara cuid den tionscadal. Breathnaítear ann ar shaol SO mar a chuirtear os ár gcomhair é in ábhar an fhoclóra. Déantar staidéar ansin ar na comhaontuithe a síníodh idir An Roinn Oideachais agus SO, agus pléitear ról an eagarthóra, RÓF, sa tionscadal. Serios an t-eagarthóir cuid mhór samplaí as an saothar ach rinne mise iarracht, chomh fada agus a bhí ar mo chumas, na samplaí sin a athchur sa téacs. Tharla in amanna, áfach, go raibh cuid acu scriosta amach róthrom chun go bhféadfainn an scríbhneoireacht a dhéanamh amach, fiú agus iarracht á déanamh agam cruth bharr agus bhun na litreacha a leanúint. I ndiaidh aghaidh a thabhairt ar an tionscadal féin, cuirtear réamhrá le chéile ina ndíritear ar chuid de ghnéithe na teanga mar atá siad caomhnaithe sa téacs ag SO, ina mease, foirmeacha briathartha, réimíreanna, agus úsáid an ghinidigh.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- phd
- Level dc:type.qualificationlevel
- doctoral
- Grantor dc:publisher.institution
- National University of Ireland Maynooth
- Year dc:date.issued
- 2008
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Ni Mhaonaigh, Tracey
Subjects
dc:subject × 1Rights
- Language dc:language
- en