National University of Ireland Maynooth
David Copperfield mar shaothar Gaeilge - Staidéar ar ghnéithe d’aistriúchán Sheáin Uí Ruadháin
Abstract
dc:description.abstractCuireadh tús le scéim aistriúcháin an Ghúim le comórtas a fograíodh go náisiúnta sa bhliain 1928. Is é a bhi mar aidhm leis an scéim seo an t-easnamh in ábhar léitheoireachta na Gaeilge a lionadh. Roinn Seán Ó Ruadháin agus Micheál Ó Siochfhradha céad ait an chomórtais, agus thug siad faoi Wild Sports o f the West agus Monarch the Big Bear le haistriú. Le linn na dtríochaidí foilsíodh níos mó ná 250 aistriúchán ó theangacha éagsúla - an Béarla ach go háirithe. Agus ón uair a cuireadh tús leis an nGúm i 1926 go 1999 foilsíodh thart ar 590 aistriúchán (nach téacsleabhair iad).1 Tharraing an scéim seo cuid de mhórscríbhneoirí na Gaeilge chuici féin, ina mease Máirtín Ó Cadhain [Saile Chaomhánach], Séamus O Grianna (Máire) [Faoi Chrann Smóla, Caiftín Blood, srl.], Seosamh Mac Grianna [Ben Hur, Ivanhoe, srl.], Seán Mac Maoláin [Imtheacht an Iolair, Scéal Fá Dhá Chathair, srl.], Niall Ó Dónaill [Mac Rí na hÉireann, Roibeart Emmet, srl.], ach má tharraing féin ni raibh sí gan lucht a cáinte. Bhí tuairimí ann go raibh an iomarca béime á cur ar na haistriúcháin, go raibh scríbhneoirí na Gaeilge ag aistriú in ionad a bheith i mbun a saothar féin. Argóint eile a bhí ann ná nárbh fhiú na saothair a aistriú go Gaeilge sa mhéid is go raibh an chuid is mó díobh aistrithe ón mBéarla, agus go raibh fáil orthu sa teanga inar scríobhadh iad dá mba rud é gur theastaigh ó dhaoine iad a léamh.
Degree
thesis:*- Level dc:type.qualificationlevel
- masters
- Grantor dc:publisher.institution
- National University of Ireland Maynooth
- Year dc:date.issued
- 2002
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Ní Mhaonaigh, Tracey
Subjects
dc:subject × 1Rights
- Language dc:language
- en