Abstract
dc:description.abstractAr bhailiúcháin 14,000 mion-áitainmneacha i gCo. Chorcaí a chuir mé le chéile ó 1976 tá mion-áitainmneacha na n-oileán Inis Uí Drisceoil, Oileán Uí Chumaisc, Inis Fada, Inis Cáim, Inis Earcáin, An Bhá Thuaidh agus Oileán Chléire. Is é atá sa tráchtas seo ná bailiúchán Chléire agus An Bhá Thuaidh (Long Island Bay) ina bhfuil 2,105 ainm. Seachas a bhfuil curtha ar fáil i dTriocha Céad Chorea Dhuibhne (1938) agus Uí Ráthach (1954) leis An Seabhach ainmneacha bailte fearainn is mó atá faoi chaibidil i saothair logainmníochta na hÉireann na haoise seo. Is beag duine a bhí 'amuigh sa ghort' ag iarraidh beagán den mhóroidhreacht mhionáitainmneacha atá in Éirinn a shábháil ó serios. Anuas go dtí 1975 níor cuireadh mapaí a léireodh suíomh beacht mionainmneacha le formhór na mbailiúchán logainmneacha a bhí curtha ar fáil in Éirinn roimhe sin, rud a d'fhág gur ar éigin a d'fhéadfaí anois teacht ar shuíomh puinn des na hainmneacha a bhí luaite. Dhein An Cumann Logainmneacha, Baile Átha Cliath éacht mar sin, sa bhliain 1975 trí Logainmneacha as Paróiste na Rinne, Co. Phort Láirge a fhoilsiú maille le mapaí a thaispéanann na mionranna talaimh ina bhfuil na háitainmneacha suite. Ba é The Living Landscape (1975) le Séamas Ó Catháin agus Patrick O'Flanagan ina bhfuil mionainmneacha ó bhaile fearainn Cill Ghallagáin, Co. Mhaigh Eo an chéad saothar in ar cuireadh mionáitainmneacha, maille lena ndinnsheanchas, a leaganacha foghraíochta agus tuairisc ar a bhfaisnéiseoirí i geló. Sa bhliain 1968 i léacht dar teideal 'Ainmneacha na nGarraithe- a Nádúr agus a dTábhacht', a tugadh don Chumann Logainmníochta, chuir Breandán S. MacAodha / tús le scagadh agus rangú ar aieme áirithe de logainmneacha na hEireann d'fhonn nádúr na mbuneilimintí iontu a aithint. Sa Living Landscape leanadh den iniúchadh seo ar eilimintí áitainmneacha nuair a deineadh ainmneacha an bhailiúcháin áirithe seo a rangú i seacht n-aieme de réir a gcáilíocht, líon agus dinnseanchas d'fhonn léargas a thabhairt ar bhunús, feidhm agus líon na n-áitainmneacha a thabharfadh tuiscint ar ghnéithe de shaol na ndaoine a chum. Bhí céimeanna mhóra tugtha i scoláireacht na logainmníochta in Éirinn ag na húdair seo.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- phd
- Level dc:type.qualificationlevel
- doctoral
- Grantor dc:publisher.institution
- National University of Ireland Maynooth
- Year dc:date.issued
- 1995
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Lankford, Eamonn
Subjects
dc:subject × 1Rights
- Language dc:language
- en