Back to results

National University of Ireland Maynooth

Logainmneacha Cheatharlach

Abstract

dc:description.abstract

Is éard a chuir mé romham sa tráchtas seo mionscrúdú a dhéanamh ar bhailte fearainn i gContae Cheatharlach. Chuige sin, tá bailiúchán déanta agam den fhianaise ar fad a d'fhéadfainn a fháil idir cáipéisí Laidine, Gaeilge, Fraincise agus Béarla, chomh maith leis na leaganacha de na hainmneacha atá ag pobal an cheantair sa lá atá inniu ann. Rinne mé iarracht teacht ar bhunleaganacha na logainmneacha, agus eolas a bhaint astu faoi stair agus faoi Ghaeilge an cheantair. Trí roinn atá sa tráchtas, mar atá: (1) cur síos ar stair agus ar thíreolaíocht Cheatharlach (2) bailiúchán na logainmneacha mar aon le pié gairid ar a mbunús (3) conclúidí. Sa taighde seo, bhí fáil ar fhianaise Béarla, Gaeilge agus Laidine. Bíodh is gur bhailigh mé na mílte leaganacha d'ainmneacha na mbailte fearainn ó fhoinsí éagsúla, níorbh fhéidir ach sampla ionadach a chur ar fáil, go háirithe i gcás logainmneacha ar leith a raibh tagairtí dóibh ar fáil go flúirseach sna foinsí. Chun na leaganacha a roghnú, phiocas amach foirmeacha a mhair de réir foirme agus de réir aoise. Uaireanta ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh idir cúpla logainm, go háirithe iad sin atá ar fáil cúpla uair sa chontae. Bailíodh an-chuid logainmneacha thar cheann na Suirbhéireachta Ordanáis sa 19ú haois, agus fáil orthu in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, Baile Átha Cliath. Tugann na foinsí sin faoi leagan Gaeilge maraon le tagairtí fánacha do leaganacha ar leith ó fhoinsí éagsúla. Go minie níor éirigh liom teacht ar fhianaise eile seachas a raibh ar fáil sna hainmleabhair. Is éard atá sna hAinmleabhair Pharóiste ná bailiúchán foirmeacha faoi gach logainm chomh maith le húdar gach foirme agus cur síos ar nádúr na háite a bhí i gceist. Bhí foinsí Uí Dhonnabháin teoranta, áfach. Donn Piatt a bhailigh fuaimniú ar fhocail Ghaeilge fós beo sa chaint maraon le logainmneacha sna triochaidí thart ar Laighin, Ceatharlach san áireamh, tugann sé béim na bhfocal le ños (Piatt 1933). Sa bhliain 1937, foilsíodh an leabhar Placenames o f Co. Carlow, leabhar a leag amach saothar Uí Dhonnabháin beagnach ar an iomlán ar bhealach soléite (O'Toole 1937). Níl fághta de Ghaeilge dhúchasach Laighean anois ach corrfhocal Gaeilge a mhaireann ar aghaidh i mBéarla na ndaoine agus na logainmneacha. Ó Oifig na Logainmneacha a fuaireas liosta na mbailte fearainn. Is don tsraith léarscáileanna ar scála sé orlaigh sa mhíle slí a thagraíonn na huimhreacha a leanann foirmeacha oifigiúla Béarla na n-ainmneacha. Tá na bailte fearainn leagtha amach in ord barúntachta agus ansin in ord paróiste. Tá an coras bunaithe ar ord aibíteach Béarla. Tugadh uimhir ar leith do gach baile fearainn.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
phd
Level dc:type.qualificationlevel
doctoral
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
1998

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Ó Páircín, Liam

Subjects

dc:subject × 1

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
citation

Ó Páircín, Liam. Logainmneacha Cheatharlach. doctoral thesis, National University of Ireland Maynooth, 1998.