Back to results

National University of Ireland Maynooth

Brisleach Mhór Mhaighe Muirtheimhne agus Deargruathar Chonaill Cheamaigh: Eagrán Criticiúi

Abstract

dc:description.abstract

Is éard atá sa tráchtas seo agam eagrán úmua den scéal Brisleach Mhór Mhaighe Muirtheimhne agus Deargruathar Chonaill Chearnaigh. Is scéal é a bhaineann leis an tSraith Ultach agus a bhfuil a chuid fréamhacha le fáil i dtréimhse na Sean- Ghaeilge, ach is le haimsir na Nua-Ghaeilge Moiche a bhaineann an leagan seo againne. Bás Chú Chulainn, sárlaoch na Rúraíochta, agus an díoltas a imríonn a chara agus a chomhalta, Conall Ceamach, ar a naimhde i ndiaidh a bháis atá mar bhunábhar an scéil, agus déantar pié ar na téamaí seo sa chéad chaibidil. Tá traidisiún fada ag baint leis na lámhscríbhinní ina bhfuil an téacs seo le fáil, agus tá breis is 120 cóip aimsithe agam ón 15ú haois go dtí an 19ú haois. Tá siad curtha i bosta de réir na haoise ón gceann is sine go dtí na cóipeanna is óige, agus tá rangú déanta orthu sa dara caibidil. Tá an polasaí eagarthóireachta le fáil ag deireadh na caibidle seo. An Nua-Ghaeilge Mhoch atá mar theanga an téacs, is as an gcéad cheathrú den 17ú haois an phríomhlámhscríbhinn. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an teanga, agus is uirthi siúd atá an tríú caibidil bunaithe. Tá anailís ar an ainmfhocal, ar an aidiacht, ar an mbriathar, ar an réamhfhocal agus ar an bhforainm mar atá siad sa scéal. Is díol spéise é an luaineacht agus an neamhspleáchas a bhaineann le filíocht an téacs seo, agus déantar pié ar na gnéithe seo, agus ar mhcadarachtaí na laoithe sa cheathrú caibidil. Leanann an t-eagrán criticiúil mar aon le notai cuimsitheacha ar an téacs an méid sin. Tá an t-eagrán dioplómaitiúil le fáil mar aguisín, agus tá innéacsanna daoine, ainmhithe, logainmneacha, agus an leabharliosta ag deireadh an tráchtais.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
phd
Level dc:type.qualificationlevel
doctoral
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2008

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Ní Mhaoláin, Lára

Subjects

dc:subject × 1

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
citation

Ní Mhaoláin, Lára. Brisleach Mhór Mhaighe Muirtheimhne agus Deargruathar Chonaill Cheamaigh: Eagrán Criticiúi. doctoral thesis, National University of Ireland Maynooth, 2008.