National University of Ireland Maynooth
Slán Beo le Saol an Bhlascaoid: Tionchar na hlmirce ar an Oileán Tiar agus an Tréigean Deireanach
Abstract
dc:description.abstractIs éard is aidhm don tráchtas seo ná iniúchadh a dhéanamh ar théama na himirce i litríocht an Bhlascaoid Mhóir. Breathnófar ar shaothair dhírbheathaisnéise, saothair chin lae agus ailt mhuintir an Bhlascaoid agus, chomh maith leis sin, ar agallaimh a cuireadh ar Bhlascaodaigh faoi leith, agus ar dhaoine a bhain leis an mBlascaod Mór, chun spléachadh a fháil ar thuiscintí agus ar thuairimí phobal an Bhlascaoid i leith na himirce. Bainfear leas as béaloideas agus dinnsheanchas na mBlascaodaí, ar uairibh, tríd an tráchtas seo, chun tuiscint a fháil ar nósanna agus ar luachanna mhuintir an Bhlascaoid. Beifear ag breathnú ar an tslí inar scríobh muintir an Bhlascaoid, mar aon le daoine a chuaigh isteach ar an mBlascaod, faoi eispéireas na himirce, agus faoina tionchar ar an bpobal beag a mhair ar an Oileán iargúlta sin siar ó chósta Chiarraí. Déanfar iniúchadh ar thuairimí na mBlascaodach i leith na himirce, agus cuirfear peirspeictíochtaí éagsúla na ndaoine os comhair an léitheora, ón seanóir nár fhág an tOileán Tiar riamh le dui go ‘Tir an Allais’, go dti an páiste a bhreathnaiodh ar na fir is na mná óga a théadh sali gach bliain, ag tnûth leis an mbliain a mbeadh sé féin in aois imeachta; ón mbean ôg neamhspléach a bhreathnaiodh ar an imirce mar shli éalaithe ón gcruachás ina raibh si ar an ‘árthach bàite’, agus a chuaigh sali go ‘Tir na mBrionglóidí’ chun saol iontach nua-aimseartha a chaitheamh ami beag beann ar chumhacht mhithrocaireach na farraige, go dti an t-ógánach uaigneach a d’fhan ar a oileán dúchais, nach raibh uaidh riamh ach saol an Oileáin Tiar ach a bhraith a chairde uaidh agus iad bailithe leo sali go Meiriceâ.
Degree
thesis:*- Level dc:type.qualificationlevel
- masters
- Grantor dc:publisher.institution
- National University of Ireland Maynooth
- Year dc:date.issued
- 2006
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Ní Cheallaigh, Laoise
Subjects
dc:subject × 1Rights
- Language dc:language
- en