Back to results

National University of Ireland Maynooth

An Idirchultúrthacht Iarchoilíneach i nGearrscéalaíocht Phádraic Bhreathnaigh.

Abstract

dc:description.abstract

Scríbhneoir é Pádraic Breathnach a bhfuil blianta fada caite aige i mbun gearrscéalaíochta. Go dtí seo ní dhearnadh plé cuimsitheach ar a shaothar gearrscéalaíochta ina iomláine. Is éard is cuspóir don tráchtas seo ná léamh faoi leith amháin a sholáthar ar an ngearrscéalaíocht sin chun léargas a thabhairt ar lárnacht na hidirchultúrthachta iarchoilíní inti. Chuige sin, déanfar iniúchadh ar chomhthéacs na hidirchultúrthachta iarchoilíní, agus ar an áit faoi leith atá ag Éirinn sa díospóireacht ar an gcoilíneachas agus ar an iarchoilíneachas. Áiteofar go bhfuil áit lárnach ag Éirinn agus ag litríocht na hÉireann, go háirithe ag litríocht na Gaeilge, sa phlé sin. Féachfar le haitheantas cuí a thabhairt do ghearrscéalaíocht an Bhreathnaigh sa dioscúrsa sin. Tabharfar faoi léargas a sholáthar ar chastacht cheist na hidirchultúrthachta a eascraíonn as próiseas an choilíneachais agus ar thábhacht na teanga dúchasaí i bpróiseas an díchoilínithe. Déanfar iniúchadh ar chastacht cheist na hidirchúltúrthachta a eascraíonn as an eispéireas coilíneach i litríocht na Gaeilge, á léiriú trí mhionphlé ar ghearrscéalaíocht Phádraic Bhreathnaigh. Féachfar ar fhéinaitheantas agus ar speictream an déachais idirchultúrtha i gcarachtracht scéalta an Bhreathnaigh, agus ar ghnéithe d’fhéinaitheantas an scríbhneora féin. Scríbhneoir Breac-Ghaeltachta is ea Pádraic Breathnach agus tá an tionchar sin soiléir ina shaothar cruthaitheach. Déanfar plé ar thionchar na timpeallachta ar a shaothar de réir theoiric an Third Space, a d’fhorbair Homi Bhabha. Speictream is ea an déachas idirchultúrtha a réimníonn an aonchultúrthacht, an chrossíolracht, agus an cumasc cultúrtha. Pléifear gearrscéalaíocht Phádraic Bhreathnaigh i gcomhthéacs an speictrim sin. Ina theannta sin, déanfar tábhacht Phádraic Bhreathnaigh mar scríbhneoir idirchultúrtha a chomhthéacsú i gcúlra socheacnamaíoch Éire a linne agus i gcúlra liteartha a linne féin. Mar thoradh ar léamh na hidirchultúrthachta iarchoilíní a dhéanfar sa tráchtas seo ar ghearrscéalaíocht Phádraic Bhreathnaigh, tá léamh nua ar shaothar an scríbhneora seo á chur ar fáil atá inchomparáide le saothar scríbhneoirí iarchoilíneacha eile ar fud na cruinne. Ag eascairt as an taighde seo, is léir gur réimse critice an idirchultúrthacht iarchoilíneach arbh fhiú é a fhorbairt a thuilleadh amach anseo mar uirlis chritice do litríocht Ghaeilge na linne seo, agus saothair liteartha scríbhneoirí eile na Gaeilge á meas.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
phd
Level dc:type.qualificationlevel
doctoral
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2017

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Ní Cheallaigh, Laoise

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
related terms
citation

Ní Cheallaigh, Laoise. An Idirchultúrthacht Iarchoilíneach i nGearrscéalaíocht Phádraic Bhreathnaigh.. doctoral thesis, National University of Ireland Maynooth, 2017.