Back to results

National University of Ireland Maynooth

Scéal Cathrach: Léirithe ar ghnéithe den saol uirbeach in úrscéalta Gaeilge ar leith sa tréimhse 1910-2015

Abstract

dc:description.abstract

Tá sé de chuspóir ag an tráchtas seo anailís a dhéanamh ar na léirithe a thugtar ar ghnéithe áirithe den saol uirbeach in úrscéalta Gaeilge ar leith le linn tréimhsí éagsúlsa idir 1910-2015, agus sa chomhthéacs sin dírítear ar na dearcthaí a léirítear i leith an tsaoil uirbigh agus tionchar an tsaoil sin ar phríomhcharachtair na n-úrscéalta a ndéantar anailís orthu. I gcaibidil 1, pléitear Deoraíocht (1910), Mo Dhá Róisín (1921) agus Lucht Ceoil (1932). Tugtar suntas don léiriú a thugtar ar an tionchar atá ag an gcóras caipitlíoch ar shaol na cathrach sna húrscéalta sin. Dírítear ar thionchar ghnéithe de pholaitíocht na cathrach ar mhianta pearsanta na bpríomhcharachtar faoi mar a léirítear é in Tonn Tuile (1947), Máire Nic Artáin (1959) agus An Dá Thrá (1952) I gCaibidil 2. Déantar scagadh ar thionchar na polaitíochta sin ar mhianta pearsanta phríomhcharachtair na n-úrscéalta, ach go háirithe. Úrscéalaíocht Bhreandáin Uí Eithir atá á plé i gCaibidil 3. Féachtar ar an tslí ina gcuirtear an tsaoirse phearsanta chun cinn sa chomhthéacs uirbeach in Lig Sinn i gCathú (1976) agus in Sionnach ar mo dhuán (1989). Sonraítear, leis, an tslí ina dtéitear i ngleic le ceist an réalachais in úrscéalaíocht uirbeach na Gaeilge, in Sionnach ar mo dhuán, ach go háirithe. Is é seánra n úrscéil phobail is ábhar do Chaibidil 4, agus sa chomhthéacs sin, dírítear ar shamplaí d’úrscéalaíocht bhleachtaireachta na Gaeilge. Pléitear gnéithe áirithe den seánra sin agus sonraítear an tslí ina ndéanann na húdair a gcuid féin den seánra, i gcás Nead na gCreabhar (1976), Sceon na Mara (2010) agus Scáil an Phríosúin (2015). Tuairimítear gur tuar dóchais d’úrscéalaíocht na Gaeilge é an borradh atá faoi úrscéal pobail na Gaeilge, go háirithe sa tslí ina nglactar leis an saol uibeach mar shuíomh nádúrtha réalaíoch san úrscéalaíocht sin.

Degree

thesis:*
Level dc:type.qualificationlevel
masters
Grantor dc:publisher.institution
National University of Ireland Maynooth
Year dc:date.issued
2018

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Ó Treasaigh, Lorcán

Rights

Language dc:language
en

Chain of custody

source
Harvested from
National University of Ireland - Maynooth
Base URL
mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
related terms
citation

Ó Treasaigh, Lorcán. Scéal Cathrach: Léirithe ar ghnéithe den saol uirbeach in úrscéalta Gaeilge ar leith sa tréimhse 1910-2015. masters thesis, National University of Ireland Maynooth, 2018.