Back to results

Dublin City University

Cóiriú cartlann fuaime logainmneacha

Abstract

dc:description.abstract

Cuirtear i láthair sa tráchtas seo bunachar sonraí ar líne do Chartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha, 1,200 uair an chloig d’ábhar fuaime a bailíodh sa tréimhse 1961–2000. Ba é sprioc an tráchtais seo ná an Chartlann Fuaime a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar líne d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha agus do thaighdeoirí logainmneacha araon. Rinneadh anailís ar an dea-chleachtas do bhailiúcháin dhigiteacha ar líne agus dearadh an bunachar dá réir sin. Rinneadh bunchatalóg lámhscríofa an Bhrainse Logainmneacha a thras-scríobh agus a chur in eagar mar threoir taighde don bhunachar ar líne. Roghnaíodh an t-ábhar ó Ghabhla i dTír Chonaill mar thacar samplach le mionstaidéar a dhéanamh air. Leagadh amach modhanna eagarthóireachta le heagar a chur ar ábhar canúnach, bunaithe ar na dea-chleachtais de réir na litríochta, agus rinneadh tras-scríobh ar an ábhar. Rinneadh liosta logainmneacha a ghiniúint ón tacar céanna agus cuireadh eolas breise ar fáil mar gheall orthu siúd, ar nós ainmneacha Béarla, leaganacha scríofa ón litríocht agus leaganacha foghraíochta.

Degree

thesis:*
Name dc:type.qualificationname
ma
Level dc:type.qualificationlevel
masters
Grantor dc:publisher.institution
Dublin City University
Year dc:date.issued
2012

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Nic Fhionnlaoich, Cáit

Subjects

dc:subject × 1

Rights

Language dc:language
ga

Chain of custody

source
Harvested from
Dublin City University
Base URL
doras.dcu.ie/cgi/oai2
Last updated
2026-07-24
Source record
OAI-PMH GetRecord
related terms
citation

Nic Fhionnlaoich, Cáit. Cóiriú cartlann fuaime logainmneacha. masters thesis, Dublin City University, 2012.