Abstract
dc:description.abstractCuirtear i láthair sa tráchtas seo bunachar sonraí ar líne do Chartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha, 1,200 uair an chloig d’ábhar fuaime a bailíodh sa tréimhse 1961–2000. Ba é sprioc an tráchtais seo ná an Chartlann Fuaime a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar líne d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha agus do thaighdeoirí logainmneacha araon. Rinneadh anailís ar an dea-chleachtas do bhailiúcháin dhigiteacha ar líne agus dearadh an bunachar dá réir sin. Rinneadh bunchatalóg lámhscríofa an Bhrainse Logainmneacha a thras-scríobh agus a chur in eagar mar threoir taighde don bhunachar ar líne. Roghnaíodh an t-ábhar ó Ghabhla i dTír Chonaill mar thacar samplach le mionstaidéar a dhéanamh air. Leagadh amach modhanna eagarthóireachta le heagar a chur ar ábhar canúnach, bunaithe ar na dea-chleachtais de réir na litríochta, agus rinneadh tras-scríobh ar an ábhar. Rinneadh liosta logainmneacha a ghiniúint ón tacar céanna agus cuireadh eolas breise ar fáil mar gheall orthu siúd, ar nós ainmneacha Béarla, leaganacha scríofa ón litríocht agus leaganacha foghraíochta.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- ma
- Level dc:type.qualificationlevel
- masters
- Grantor dc:publisher.institution
- Dublin City University
- Year dc:date.issued
- 2012
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Nic Fhionnlaoich, Cáit
Subjects
dc:subject × 1Rights
- Language dc:language
- ga