University College Cork
Eispéireas mná: an cleachtas cruthaitheach sa damhsa ar an sean-nós
Abstract
dc:description.abstractDéanann an togra taighde seo cíoradh ar chleachtais an damhsa ar an sean-nós le béim ar leith ar an eispéireas baineann laistigh den traidisiún. Chun dul i ngleic leis an gcultúr teangeolaíoch a bhaineann leis an traidisiún Gaeltachta seo agus chun doiciméadú a dhéanamh ar shaintearmaíocht a bhaineann leis an gcultúr damhsa seo, shocraigh mé ar an taighde seo a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is ar an damhsóir mná a dhíreoidh an taighde seo go príomha. Scrúdóidh an taighde seo m’eispéireas féin mar dhamhsóir a oileadh sa traidisiún beo i nGaeltacht Chonamara agus mar bhean taobh istigh de traidisiún an damhsa ar an sean-nós. Anuas air sin, déanfaidh an taighde seo anailís ar an damhsa ar an sean-nós bunaithe ar an bhféinmhachnamh chomh maith le anailís chomparáideach bunaithe ar agallamh le damhsóir iomráiteach mná ón gceantar. Labhróidh mé mar gheall ar an teoiric bhéil agus an damhsa ar an sean-nós, agus déanfaidh mé iniúchadh trí mheán an chleachtais chruthaithigh féin ar ghnéithe ar leith de shaothar Lord (1960) a d'fhéadfadh cur lenár dtuiscint ar phóiseas cruthaitheach an damhsa. Breathnóidh mé ar an saibhreas a bhaineann le heolas inchollaithe agus ar an tábhacht a bhaineann leis don damhsa ar an sean-nós. Ina theannta sin, lábhróidh mé mar gheall ar mhodhanna teagaisc agus foghlama i dtraidisiún an damhsa ar an sean-nós agus ar an gcaoi a bhfuil sé difriúil ón bhfoghlaim struchtúrtha fhoirmeálta.
Degree
thesis:*- Grantor dc:publisher
- University College Cork
- Year dc:date.issued
- 2021
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Ní Chuirrín, Nada
- Advisors dc:contributor.advisor
-
- Gilson, Jools
- Finnerty, Michelle
Subjects
dc:subject × 7Rights
dc:rights- Statement dc:rights
-
- © 2021, Nada Ní Chuirrín.
- Licence dc:rights.uri
- Language dc:language.iso
- ga
Identifiers
dc:identifier.*- Handle dc:identifier.uri
- https://hdl.handle.net/10468/12422
- OAI identifier oai:identifier
- oai:cora.ucc.ie:10468/12422